Access Keys:

 
 
Gaelscoil an tSeanchai, Magherafelt

Cash For Kids 2024 - 3ú háit £27,547.10

25th Oct 2024

Bhí iontas agus onóir ar an scoil nuair a fuair muid an scairt tráthnóna ó Cash For Kids Schools Challenge le rá linn gur éirigh le Gaelscoil an tSeanchaí an 3ú háit a bhaint amach san fheachtas tiomsú airgid ar feadh mí Dheireadh Fómhair. Bhailigh pobal na scoile £25,457.10 agus bronnfar £2,000 breise ar a bharr, mar sin beidh £27,547.10 ina iomlán le caitheamh ag an scoil ar na daltaí spleodracha s’againn. Is muid an chéad Gaelscoil leis an bhabhta ceannais a bhaint amach gan trácht ar cinn de na príomháiteanna a bhaint amach. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach uile dalta, ball foirne, tuiste, gobharnóir, comhlacht agus gach duine de chairde an tSeanchaí a chuidigh linn imeachtaí a phleanáil, a reachtáil, agus a léirigh tacaíocht do na himeachtaí tríd an rud ar fad. Bhí mí Dheireadh Fómhair tharr a bheith gnóthach, agus ta muid an-bhuíoch le gach uile duine as as teacht le chéile le fonn dearfach agus le díograis. Is ar leas na bpáistí an rinneadh gach éacht agus is iad na páistí a bheas ag baint leasa as an chaiteachas. Pobal an tSeanchaí abú! An Ghaeilge abú! Gaelscoil an tSeanchaí abú!

We were both surprised and honoured today when the call came in from Cash for Kids Schools Challenge that Gaelscoil an tSeanchaí has won 3rd place in the Cash For Kids Schools Challenge throughout October. The school community rasied £25,547.10 and will be presented with £2,000 bonus so £27,547.10 in total will be spent on our wonderful students. We are the first Gaelscoil to reach the final never mind get placed. We would like to thank every pupil, staff member, parent, governor, company and every one of the cairde an tSeanchaí (friends of an tSeanchaí) who helped to plan, run and support the program of events. Ocotber was hectic but we are grateful for all of the support from everyone who came together with positivity and zeal. The events were organised for the benefit of the children and it will be the children who benefit from the spending. Pobal an tSeanchaí abú! An Ghaeilge abú! Gaelscoil an tSeanchaí abú!